
Tá an athbhliain buailte linn, agus tá na cluichí ceathrú-cheannais de Chorn Heineken socruithe. Níl ach brí ag baint le sin; tá Craobh na Sé Náisiún ag teacht.
Tá ré nua ag druidim ar fhoireann na hÉireann ceithre bhlian ó a bhaineadar an Grand Slam amach; ceithre bhlian gan an Choróin Thriarach fiú. Is tréibhse fhada agus aimrid í sin do thír atá i mbun ‘ré ór’ le blianta anuas. Ach tá a fhios againn go léir go bhfuil an cumas acu chun é a bhuachaint arís, agus tá neart cúise dóchais dá bharr.
Bhí an tSraith Guinness sa Deireadh Fomhair maith go leor nuair a thugtar sracfheáchaint uirthi. D’éirigh le Declan Kidney áit níos lárnaí a thabhairt d’imreoirí óga gan chur isteach ar structúr na foirne. Bhí bua cinniúnach, éigeantach agus mórthaibhseach i gcoinne na n-Airgintíneach sa chluiche deireanach, tar éis bua éasca in aghaidh Fídsí agus an buille a fuaireamar ón Aifric Theas.
Buaicphointe na sraithe sin ab ea teacht chun cinn Craig Gilroy. Fuair an cliathánach seans ón mbainisteoir i gcoinne Fídsí agus d’éirigh go mór leis tar éis trí úd a fháil agus laoch na himeartha a bheith bronnta air. Thuill sé an geansaí 11 don chluiche in aghaidh na hAirgintíne, agus ní raibh brón ar Kidney ag deireadh an lae sin. Bí ag faire amach dó san Earrach.
Imreoir eile atá i mbéal an phobail fé láthair ná Simon Zebo. Beidh go leor brú ar Kidney é a thosnú i Stáid na Mílaoise. Tá bliain den scoth théis a bheith aige cheana féin. Chríochnaigh sé le trí úd in aghaidh Racing Metro chun Cúige Mumhan a chur isteach sa chluiche ceathrú-cheannais den Chorn Heineken. Tá Tommy Bowe gortaithe don chomórtas, agus is dócha go mbeidh Zebo agus Gilroy mar chliathánaigh na hÉireann mar gheall ar sin. Beidh na fréasúra imníoch faoin mbeirt sin, agus tá an ceart acu.
Tosnóidh Éirinn an feachtas sa Bhreatain Bheag. Deirtear gurb é t-am foirfe chun aghaidh a thabhairt ar fhoireann Warren Gatland. Bhí mí thubaisteach ag an mBreatain Bheag sa Deireadh Fomhair. Chailleadar gach cluiche a bhí acu, Samó san áireamh. Dá bharr, bhíodar sa thríú pota do Chorn Domhain 2015, agus mar sin beidh siad i ngrúpa le Sasana agus an Astráil. Anuas ar sin, níl foireann ar bith acu fágtha sa Chorn Heineken. De réir torthaí mar sin, ní bheadh fadhb ag na hÉirinnigh, ach níor tharla sé mar sin roimhe. Tá an Bhreatain Bheag mar fhoireann ‘bogey’ dúinn, ach beidh Jamie Heaslip agus a chomhráidí muiníneach i mbliana.
Caithfidh na Sasanaigh agus na Fraincigh taistil go Baile Átha Cliath, agus ní bheidh ceachtar acu ag tnúth leis an gcuairt sin. In aineoinn go bhfuair Sasana an lámh in uachtar ar Nua Shéalainn dhá mhí seo caite, níor éirigh leo bua a fháil in Éirinn ón gcluiche siúd i 2003. Beidh muinín ag Éirinn ón bhfiric sin. Ó thaobh na Fraince de, níl stair iontach ag Éirinn ina gcoinne. Ach de bharr go mbeidh an cluiche sa leath deiridh den chomórtas, is mór an seans go mbeidh móiminteam ag ceann acu. Éireoidh sé i bhfad níos soiléire níos cóngairí don chluiche. Ba cheart nach mbeadh fadhb acu an lámh in uachtar a fháil ar Alban agus an Iodáil, in aineoinn go mbeidh siad as baile don dá cluiche.
Bliain chinniúnach atá inti i réim Declan Kidney. D’éirigh leis dul tré 2009 ar fad gan chluiche a chailliúnt, ach ní raibh an t-ádh céanna leis ó shin. Muna bhfuil bliain rathúil aige i mbliana, beidh éileamh ann do bhainisteoir nua ag deireadh an séasúra. Tá ag éirí go maith le Michael Bradley agus Conor O’Shea go háirithe ina bpostanna in Alban agus Sasana fé seach, agus tá tuilleadh brú ar Kidney dá bharr. Ach beidh conartha mór millteach nua réidh dó má éiríonn leis an craobh a bhaint amach arís.
Tá féasta mór rugbaí os ár gcomhair. tá go leor clibirt, ciceanna is caolaoisí i ndán dúinn. Bainigí taitneamh as.
SPORT IS EVERYTHING. Brian Barry.